Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 22:40

An Bíobla Naofa 1981

Óir chuir tú neart mar chrios fúm don chath, agus lúb tú lucht m'ionsaithe síos fúm.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Go raibh siad mar chulaith á chlúdach, mar chrios a bheadh á chrioslú de shíor.

Is é siúd mo ghrá agus mo dhaingean; is é mo dhún é agus m'fhuascailteoir; mo sciath é ina gcuirim mo dhóchas; cuireann sé ciníocha faoi mo smacht.

Óir cé eile is Dia ann ach an Tiarna? Cé eile is carraig ann seachas ár nDia?

Rinne mé a mbualadh ionas nach bhféadfaidís éirí agus thit siad ar lár faoi mo chosa.

Is tú mo rí agus mo Dhia a thug barr agus bua do Iacób.

Is mise an Tiarna; níl m'athrach eile ann; ach mise amháin, níl aon dia ann. Gan aithne agat orm, tá tú i mbun airm agam

Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.

go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní

Chan siad iomann nua á rá: “Is fiú thú an scrolla a ghlacadh, agus a shéalaí a bhriseadh, óir básaíodh thú agus d'fhuascail tú daoine do Dhia le d'fhuil, as gach treibh, agus teanga, agus pobal, agus cine,

Chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna go Ceíleá dá bhrí sin, agus chuireadar cath ar na Filistínigh, agus thugadar leo a n‑eallach mar chreach, agus bhriseadar go tubaisteach orthu. D'fhuascail Dáiví áitritheoirí Cheíleá ar an gcuma sin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí