Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 22:38

An Bíobla Naofa 1981

Téim sa tóir ar mo naimhde agus scriosaim iad, gan filleadh ar ais go mbíonn siad ídithe.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic na hAmónaigh gur theith na hAramaeigh theitheadar féin mar an gcéanna ó Aibísí agus isteach leo sa chathair. D'fhill Ióáb ansin ón gcogadh in aghaidh na nAmónach agus tháinig ar ais go Iarúsailéim.

Leagaim ar lár iad agus ní éiríonn siad; titeann siad agus bíonn siad faoi mo chosa.

Gach slógadh dá ndearna tú, bhí mé in éineacht leat; rinne mé do naimhde go léir a threascairt romhat. An té is mó ar talamh, ní mó a chlú ná an clú a thabharfaidh mé duitse.

‘Rachaidh mé sa tóir orthu, agus béarfaidh mé orthu,’ arsa an namhaid. ‘Déanfaidh mé an chreach a dháil; sásófar mo chroí léi. Tarraingeoidh mé mo chlaíomh, agus scriosfaidh mo dheaslámh iad.’

Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí