Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 22:30

An Bíobla Naofa 1981

Brúchtaim thar an mbarbacán le do chabhair, agus le cabhair Dé léimim thar balla.

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Dia seo againn, tá a shlí gan cháim; níl fochall i bhfocal an Tiarna; is sciath é don mhuintir go léir a théann faoina dhídean.

Mháirseáil Dáiví agus a chuid fear ionsar Iarúsailéim in aghaidh na Iabúsach a bhí ina gcónaí ann. Dúirt siad seo le Dáiví: “Ní éireoidh leat teacht isteach anseo. Coinneoidh na daill agus na bacaigh amach thú.” (Sé sin le rá, ní éireoidh le Dáiví teacht isteach anseo go deo.)

Is tusa, a Thiarna, mo lóchrann, mo Dhia thú, a shoilsíonn mo dhorchacht.

Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.

Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an té úd a thugann neart dom.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí