Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 22:25

An Bíobla Naofa 1981

Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta, de réir m'ionracais ina láthair.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Déanann an Tiarna cúiteamh liom de réir m'fhíréantachta; déanann sé díolaíocht liom de réir ghlaine mo lámh,

D'fhreagair Solamh: “Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m'athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.

Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh, nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach!

Óir tá bealaí an duine os comhair súile an Tiarna, agus faireann sé a shlite go léir.

Abraigí: “Is méanar don fhíréan, mar íosfaidh sé toradh a ghníomhartha;

Mar ní mór dúinn go léir teacht os comhair suí breithimh Chríost chun go bhfaighidh gach duine againn luach an tsaothair a bheidh déanta sa chorp againn, bíodh sé olc nó maith.

Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí