Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 22:23

An Bíobla Naofa 1981

Tá a bhreitheanna go léir os comhair mo shúl, ná níor chuir mé a reachtanna i leataobh uaim.

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Ní chlaonaim i leataobh ó d'fhoraitheanta; ós tú a mhúin mé.

Is uime a chloígh mé le do phroiceapta uile, toisc gur fuath liom gach bréagshlí.

Is amhlaidh a d'admhaigh mé le mo bhruasa foraitheanta uile do bhéil.

Rinne mé rogha de shlí na fírinne; chuir mé d'aitheanta os mo chomhair.

Ní dhéanfar mo náiriú nuair a ghéillfidh mé do d'aitheanta uile.

Is fíor iad do phroiceapta uile - fóir orm; déantar mo chrá gan chúis.

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Sibhse mo chairde má dhéanann sibh na nithe a ordaím daoibh.

Ar an gcaoi sin ní bheidh éirí in airde air i leith a bhráithre agus ní chlaonfaidh sé ar dheis ná ar chlé ón aithne, i dtreo go mbeidh fad saoil ina fhlaitheas in Iosrael aige, é féin agus a chlann.

“Éist leis na dlíthe seo agus bí dílis dóibh agus coimeád iad agus beidh an Tiarna, do Dhia, dílis don chonradh agus don bhuanghrá a mhionnaigh sé do d'aithreacha.

“Bí ar d'aire agus ná déan dearmad ar an Tiarna do Dhia le faillí a dhéanamh ina aitheanta, a reachtanna agus a dhlíthe de réir mar a ordaím duit inniu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí