Ansin dúirt Nátán le Dáiví: “is tusa an fear. Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘D'ungaigh mé thú i do rí ar Iosrael, agus d'fhuascail mé thú as láimh Shóil.
Ansin is ea a chan Maois agus clann Iosrael an laoi seo leanas in onóir an Tiarna: “Canfaidh mé don Tiarna; rug sé an bua le barr glóire! Chaith sé i bhfarraige idir each agus charbadóir.
Eisean a thug saor ó bhéala an bháis sinn agus is é a thabharfaidh saor sinn feasta. Is air sin atá ár seasamh go dtabharfaidh sé slán sinn amach anseo
D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.
Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.
Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.”
Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”