Ach thóg an rí beirt mhac Rizpeá iníon Aiá, an bheirt a rug sí do Shól, Armonaí agus Meirí Bál; agus cúigear mac Mhéarab iníon Shóil, an cúigear a rug sí do Aidríéil mac Bhairzilí an Macholach.
Tharla go raibh leannán le Sól, darbh ainm Rizpeá iníon Aiá, agus gur thóg Aibnéar chuige í. Dúirt Ís Bál le hAibnéar: “Cad ab áil leat luí le leannán m'athar?”