2 Samúéil 21:3An Bíobla Naofa 1981“Céard a dhéanfaidh mé daoibh?” arsa Dáiví leis na Gibeónaigh, “agus conas a dhéanfaidh mé cúiteamh, d'fhonn go gcuirfeadh sibh beannacht ar oidhreacht an Tiarna?” Féach an chaibidil |
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: ‘Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.’