Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 21:22

An Bíobla Naofa 1981

Ba de shliocht Ráfá ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

mac Ióais], de shliocht Ráfá, agus sleá trí chéad seicil chré-umha aige, agus claíomh nua ar iompar aige agus é lán de mhuinín go maródh sé Dáiví.

Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeí, deartháir Dháiví, é.

Ba de shliocht Rafa ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia, óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.

Cluintear gártha lúcháire is caithréime i mbothanna na bhfíréan. “D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;

Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia, ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?

Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.

Is mar seo a deir an Tiarna: “Ná déanadh an fear críonna glóir as a chríonnacht, ná maíodh an fear cumasach as a chumas, ná an fear saibhir as a shaibhreas!

Cad a déarfaimid faoin méid sin, más ea? Má tá Dia ar ár dtaobh, cé atá inár gcoinne?

Ach sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach tríd an té úd a thug grá dúinn.

Tabhair dom más ea na hardáin a gheall an Tiarna dom an uair úd. Chuala tú an uair úd go raibh na hAnacaím ag cur fúthu ansiúd, agus gur mhór agus gur dhaingean iad a gcathracha. Má bhíonn an Tiarna faram, tiomáinfidh mé amach iad mar a dúirt an Tiarna.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí