Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 21:21

An Bíobla Naofa 1981

Nuair a thug sé dúshlán Iosrael, mharaigh Iónátán mac Shimeí, deartháir Dháiví, é.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ach bhí cara ag Amnón, darbh ainm Iónádáb, mac Shimeá, deartháir Dháiví. Fear an-chliste a ba ea Iónádáb.

Agus bhí cath eile ag Gat mar a raibh fear mór groí a raibh sé mhéar ar gach láimh leis agus sé mhear ar gach cois, ceithre mhéar fichead ar fad. Ba de shliocht Ráfá eisean chomh maith.

Ba de shliocht Ráfá ó Ghat an ceathrar seo agus thiteadar le Dáiví agus lena bhuíon.

Cá bhfuil rí Hamát, agus rí Arpád, agus rí chathair Shafarvaím, agus rí Haena, agus Íveá?’ ”

Ghin Ieise Eilíáb, a chéadghin, Aibíonádáb a dhara mac, Simeá a thríú mac,

Ba chomhairleoir é Iónátán uncail Dháiví, fear stuama agus scríobhaí. Bhí sé féin agus Ichiéil mac Hacmónaí i bhfeighil mhic an rí.

Ansin thug Ieise Seamá os comhair Shamúéil, ach dúirt Samúéil: “Ní hé seo an duine a roghnaigh an Tiarna ach oiread.”

Lean an Filistíneach air: “Tugaim dúshlán sluaite Iosrael inniu; cuiridís fear chugam le comhrac aonair a dhéanamh liom.”

Sheas na Filistínigh ar shliabh ar thaobh agus na hIosraelaigh ar shliabh ar an taobh eile agus gleann eatarthu.

Mharaigh do shearbhónta idir leoin agus bheithreacha, agus tabharfar an íde chéanna leo ar an bhFilistíneach seo gan timpeallghearradh ós rud é gur thug sé a dhúshlán le sluaite Dé bheo.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí