2 Samúéil 21:12An Bíobla Naofa 1981D'imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa. Féach an chaibidil |
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: “Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.” Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.