Chuir Aibseálóm Amásá i gceannas an airm ar fad in áit Ióáb. Mac le duine darb ainm Itreá an tÍsméileach a bhí pósta le Aibíogáil iníon [Ieise], deirfiúr Zarúá, máthair Ióáb, ab ea an tAmásá seo.
Agus abraigí le hAmásá chomh maith: ‘Nach tú m'fhuil agus m'fheoil féin? Go ndéana Dia seo agus siúd eile liom mura tú a bheidh mar cheann feadhna agam as seo amach in áit Ióáb.’ ”