Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 20:20

An Bíobla Naofa 1981

“Go mba fada, agus go mba rófhada uaimse scrios nó slogadh a dhéanamh!

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Níor thóg Amásá aon cheann den chlaíomh i láimh Ióáb agus bhuail Ióáb é sa bholg leis agus scaoil sé a ionathar ar fud an bhaill, gan buille eile a bhualadh. Cailleadh mar sin é. Bhrostaigh Ióáb agus Aibísí ar aghaidh sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.

Duine de lucht na síthe agus na dílseachta mise in Iosrael; tá tusa ag iarraidh cathair is máthair-chathair in Iosrael a scrios; cén fáth a ndéanfá oidhreacht an Tiarna a shlogadh?”

Ní amhlaidh atá, ach go bhfuil duine ó ardáin Eafráim darb ainm Seaba mac Bhicrí a rinne ceannairc in aghaidh an rí Dáiví; tabhair an duine sin amháin ar láimh dúinn, agus imeoidh mé ón gcathair.” Agus dúirt an bhean le Ióáb: “Tá go maith, más ea. Caithfear a cheann thar balla chugat.”

“Gura fada uaim, a Thiarna,” ar sé, “é seo a ól! An ólfainn fuil na ndaoine a chuir a n‑anam i mbaol ar eachtra?” Ní ólfadh sé é dá bhrí sin. Sin iad bearta an triúr gaiscíoch.

“Ní ar a láimh féin atá a gconách, Agus is fada ó Dhia comhairle na gcoirpeach”

Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”

Ní rithfidh leis an té a cheileann a chionta; ach an té a admhaíonn iad agus a thréigeann iad, déanfar trócaire air.

Tá an croí cealgach thar gach rud eile, agus urchóideach lena chois; cé a fhéadann é a ransú?

Ach ó b'áil leis seo a cheart a phlé, dúirt sé le Íosa: “Agus cé hé mo chomharsa?”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí