Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 20:11

An Bíobla Naofa 1981

Sheas saighdiúir de chuid Ióáb le hais Amásá: “An té atá ar thaobh Ióáb,” ar sé, “agus an té a sheasann le Dáiví, leanadh sé Ióáb.”

Féach an chaibidil Cóip

6 Tagairtí Cros  

Bhí Amásá ansiúd sa chosair chró i lár an bhóthair, agus gach duine a thagadh an treo, stadadh sé nuair a d'fheiceadh sé é. Nuair a chonaic an saighdiúir go stadadh gach duine, tharraing sé Amásá leis ón mbóthar mór isteach sa ghort agus leath brat air.

Nuair a tógadh den bhóthar é, chuaigh gach duine ar aghaidh i ndiaidh Ióáb sa tóir ar Sheaba mac Bhicrí.

Ní amhlaidh atá, ach go bhfuil duine ó ardáin Eafráim darb ainm Seaba mac Bhicrí a rinne ceannairc in aghaidh an rí Dáiví; tabhair an duine sin amháin ar láimh dúinn, agus imeoidh mé ón gcathair.” Agus dúirt an bhean le Ióáb: “Tá go maith, más ea. Caithfear a cheann thar balla chugat.”

Dúirt an rí le hAmásá: “Cuir gairm ar fhir Iúdá chugam faoi cheann trí lá agus bíse féin anseo chomh maith.”

D'fhéach Iéahú in airde i dtreo na fuinneoige, agus dúirt: “Cé tá liom? Cé tá?” agus d'fhéach dhá choillteán nó trí anuas air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí