Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
Fuair Manaise a chuid ar cranna mar gurbh é céadghin Iósaef é; do Mhácaír, céadghin Mhanaise, agus athair Ghileád, tugadh Gileád agus Báiseán, mar ba dhual do fhear faobhair.
D'imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D'fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d'fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.