Bhí Aibnéar agus a chuid fear ag imeacht leo tríd an Arabá ar feadh na hoíche sin go léir, agus ghabhadar thar an Iordáin, agus leanadar orthu an mhaidin sin gur tháinig siad go Machanáím.
Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”
Nuair a chonaic Sól Dáiví ag dul in aghaidh an Fhilistínigh dúirt sé le hAibnéar: “A Aibnéar, cé leis an t‑ógánach seo?” “Dar do bheo, a rí,” arsa Aibnéar, “nach eol dom.”