Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”
Tamall tar éis na nithe sin tháinig briathar an Tiarna chun Abrám i bhfís á rá: “Ná bíodh eagla ort, a Abrám. Is mé do sciath; beidh luach saothair an-mhór agat.”
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”
Agus d'inis mé dóibh conas mar a bhí lámh chineálta Dé mar thaca liom chun na maitheasa, agus d'aithris mé dóibh a ndúirt an rí liom. “I mbun oibre linn!” ar siad, “agus ar aghaidh leis an tógáil!” agus chrom siad ar an obair fhónta le fonn.
chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.
Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d'fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.
Ach bíodh misneach agaibh, a Fhilistíneacha, agus bígí fearúil, ar eagla go mbeadh sibh in bhur ndaoir ag na hEabhraigh, faoi mar a bhí siadsan agaibhse! Bíodh sponc ionaibh agus troidigí.”