Agus sin é Aibseálóm, an té a rinneamar a ungadh mar rí orainn, agus é marbh sa chath. Cén fáth, más ea, gan aon ní á rá agaibh faoin rí a thabhairt ar ais?”
Ansin tháinig fir Iosrael go léir go dtí an rí. D'fhiafraíodar den rí: “Cén fáth ar sciob ár mbráithre, fir Iúdá, chun siúil thú agus an rí agus a theaghlach a thabhairt thar Iordáin, agus fir Dháiví go léir in éineacht leis?”
Bíodh fuinneamh in bhur ngéaga mar sin agus bíodh misneach agaibh! Tá Sól bhur dtiarna tar éis bháis, ach rinne teaghlach Iúdá mise a ungadh le bheith i mo rí orthu!”
D'imigh Dáiví agus thóg sé cnámha Shóil agus a mhic Iónátán ó thaoisigh Iáibéis Gileád a ghoid iad ón gcearnóg i mBéit Seán mar ar chroch na Filistínigh iad an lá a bhris na Filistínigh ar Shól i nGiolboa.
Nuair a chuala na Filistínigh gur ceapadh Dáiví ina rí ar Iosrael go léir, ghabhadar go léir suas ar a thóir. Arna chlos sin, chuaigh Dáiví síos go dtí an dúnfort.
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón, agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael.
Thug Iahóideá mac an rí amach ansin, chuir sé an choróin agus [na muincí] air, agus d'ung ina rí é. Ansin bhuail siad a mbosa agus chuir gáir suas: “Go maire an rí!”
Tháinig seanóirí Iosrael go léir chuig an rí ag Heabrón agus rinne Dáiví rí conradh leo ag Heabrón i bhfianaise an Tiarna, agus rinne siad Dáiví a ungadh ina rí ar Iosrael, de réir bhriathar an Tiarna trí bhéal Shamúéil.
Ansin thóg Samúéil an adharc ola agus rinne é a ungadh ansiúd mar a raibh aige fara a dheartháireacha. Tháinig spiorad an Tiarna agus luigh sé ar Dháiví agus d'fhan leis ón lá sin amach. Maidir le Samúéil, d'éirigh sé agus d'imigh go Rámá.