Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 2:32

An Bíobla Naofa 1981

D'ardaíodar leo Asáhael agus rinneadar é a adhlacadh i dtuama a athar i mBeithil. Bhí Ióáb agus a chuid fear ag taisteal leo i gcaitheamh na hoíche, agus gheal an lá agus iad ag teacht go Heabrón.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an bás ag druidim le hIosrael, ghlaoigh sé chuige a mhac Iósaef agus dúirt sé leis: “Má fuair mé fabhar i do láthair, cuir, impím ort, do lámh faoi mo cheathrú agus geall go mbeidh tú go dílis fírinneach liom. Ná hadhlaic mé san Éigipt,

ach sín sa chré mé le mo shinsir. Tóg ón Éigipt amach mé agus adhlaic mé san aon tuama leo.” D'fhreagair seisean: “Déanfaidh mé mar a dúirt tú.”

ach bhí trí chéad agus trí fichid de Bhiniáimin, muintir Aibnéar, marbh ag lucht leanúna Dháiví.

Tháinig treibheanna Iosrael go léir chuig Dáiví ansin i Heabrón. “Féach,” ar siad, “sinne do mhuintir ó dhúchas feola agus smeara.

Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.

Chuaigh Iahóiseáfát chun suain lena shinsear, agus cuireadh é i gcathair Dháiví. Tháinig a mhac Iahórám i gcomharbacht air.

An bhfeiceann tú duine atá oilte ar a ghnó? déanfaidh sé freastal ar ríthe; ní do shuaracháin a bheidh sé ag fónamh.

Bhí seanaois faoi shéan ag Gideón mac Ióáis; d'éag sé agus adhlacadh é i dtuama a athar, Ióáis, in Ofrá na nAibíeizreach.

“Cé leis thú, a fhir óig?” d'fhiafraigh Sól de; d'fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí