D'fhill Ióáb ón tóir ar Aibnéar, agus nuair a bhí a dhíorma go léir cruinnithe aige, bhí naonúr déag chomh maith le hAsáhael ar iarraidh ó lucht leanúna Dháiví,
D'ardaíodar leo Asáhael agus rinneadar é a adhlacadh i dtuama a athar i mBeithil. Bhí Ióáb agus a chuid fear ag taisteal leo i gcaitheamh na hoíche, agus gheal an lá agus iad ag teacht go Heabrón.
Mhair an chogaíocht, más ea, idir teaghlach Shóil agus teaghlach Dháiví; bhí Dáiví ag dul i neart agus i neart, ach bhí teaghlach Shóil ag dul i laige agus i laige.
Ach sé freagra a thug rí Iosrael air: “Sé deir [an seanfhocal]: ‘Ní don té a chuireann a éide chatha uime is dual maíomh, ach don té a bhaineann de í.’ ”