Labhair Aibnéar aris le hAsáhael: “Éirigh as an tóir orm, murab áil leat go leagfainn ar lár thú. Ansin conas d'fhéadfainn féachaint san aghaidh ardo dheartháir Ióáb arís?”
“Cas ar do dheis nó ar do chlé,” arsa Aibnéar leis, “agus beir ar dhuine de na saighdiúirí agus tabhair leat a éadáil.” Ach ní scoirfeadh Asáhael den tóir air.
Nuair a d'fhill Aibnéar go Heabrón thug Ióáb i leataobh cois an gheata é mar dhea go labhródh sé os íseal leis, agus sháigh sé sa bholg é. Fuair sé bás mar sin in éiric Asáhael, deartháir Ióáb.
Cibé ní a tháinig ann, tá ainm tugtha dó cheana féin agus is eol céard é an duine agus nach féidir dó conspóid a dhéanamh leis an té atá níos láidre ná é féin.
Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” D'fhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’ ”