Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
Ansin labhair Iósua leis an Tiarna an lá céanna ceannann a thug an Tiarna na hAmóraigh ar láimh do chlann Iosrael; chan Iósua i láthair chlann Iosrael: “A ghrian, fan socair os cionn Ghibeón, Agus, a ghealach, os cionn Ghleann Aiálón.”
Bhí sceimhle air dá bharrsan mar go raibh Gibeón chomh breá de chathair le ceann de chathracha an rí féin, í níos mó na Háí agus a saoránaigh go léir ina bhfir chogaidh.
Má ritheann leis comhrac liom agus mé a mharú, ansin beimidne inár ndaoir agaibhse; ach má bhuaimse air, agus é a mharú, beidh sibhse in bhur ndaoir againne, ag déanamh seirbhíse dúinn.”