2 Samúéil 19:43An Bíobla Naofa 1981Thug fir Iúdá go léir freagra ar fhir Iosrael; “Mar gur gaire é gaol an rí linne. Cén fáth mar sin a bhfuil fearg oraibh ina thaobh seo? Ar chaitheamar bia ar chostas an rí? Ar thug sé bronntanas ar bith dúinn?” Féach an chaibidil |
Nuair a chonaic Iosrael go léir nach raibh aon aird á tabhairt ag an rí orthu, d'fhreagair an pobal an rí: “Cén chuid atá againn i nDáiví? Níl aon oidhreacht againn i mac Ieise. Chun bhur mbothanna libh, a Iosrael! Tabhair aire do do theach féin feasta, a Dháiví!” Agus d'imigh Iosrael leo chun a mbothanna.