Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 19:41

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh an rí ar aghaidh go Gilgeál agus d'fhan Ciomchám in éineacht leis. Rinne muintir Iúdá go léir, agus leath mhuintir Iosrael chomh maith, an rí a thionlacan ar an tslí.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Agus sin é Aibseálóm, an té a rinneamar a ungadh mar rí orainn, agus é marbh sa chath. Cén fáth, más ea, gan aon ní á rá agaibh faoin rí a thabhairt ar ais?”

Nuair a fuair an rí gaoth an fhocail faoina raibh á rá ar fud Iosrael, chuir sé - Dáiví rí - scéala go dtí na sagairt Zádóc agus Aibíátár: “Abraigí le seanóirí Iúdá: ‘Cén fáth gur sibhse a bheadh ar deireadh ag tabhairt an rí abhaile?

Agus d'iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic.

Tionóladh fir Eafráim, agus chuadar sall i dtreo Záfón, agus dúradar le Iaftá: “Cén fáth a ndeachaigh tú sall chun catha leis na hAmónaigh gan a iarraidh orainne dul leat? Cuirfimid do theach trí thine ar do mhullach.”

Dúirt muintir Eafráim le [Gideón]: “Cad ab ail leat leathchuma mar seo a dhéanamh orainn; agus gan glaoch orainn nuair a chuaigh tú chun cogaidh le Midián?” Rinneadar casaoid ghéar ina aghaidh,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí