D'éirigh Lábán go moch ar maidin lá arna mhárach agus thug póg dá gharchlann agus dá iníonacha agus chuir a bheannacht orthu; ansin chuir sé chun bóthair abhaile.
D'fhreagair an rí agus dúirt le hAibsealóm: “Ní dhéanfaimid, a mhic; níor chóir dúinn go léir teacht agus bheith inár n‑ualach ort.” Cé go raibh Aibseálóm ag tathant air, ní rachadh sé ach chuir a bheannacht leis.
Chuaigh Ióáb chuig an rí agus thug an teachtaireacht dó. Chuir seisean fios ar Aibseálóm agus tháinig sé go dtí an rí, chrom go talamh ina láthair agus chaith é féin ar a bhéal os a chomhair. Agus thug an rí póg d'Aibseálóm.
Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m'athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.”
Ag teacht abhaile do Dháiví chun a theaghlach a bheannú, chuaigh Míceal iníon Shóil amach ina choinne: “Nach breá an cháil,” ar sí, “a thuill rí Iosrael dó féin inniu, á nochtadh féin os comhair chailíní a shearbhóntaí, mar a dhéanfadh aon chrosán é féin a nochtadh.”
D'fhág sé an chuingir agus rith sé ar thóir Éilias. “Lig dom m'athair agus mo mháthair a phógadh,” ar sé; “agus ansin leanfaidh mé thú.” D'fhreagair Éilias: “Gabh ar ais; óir an ndearna mé rud ar bith duit?”
Agus bheannaigh Simeon iad agus dúirt le Muire a mháthair: “Feach, is dán dó seo bheith ina thrúig leagtha agus éirithe dá lán in Iosrael agus ina chomhartha a shéanfar -
Bhris a ngol arís orthu agus ghoileadar go fuíoch. Ansin phóg Orpá máthair a céile [agus d'imigh uaithi chun a muintire féin]; ach chloígh Rút léi go dlúth.