Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 19:38

An Bíobla Naofa 1981

Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m'athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.”

Féach an chaibidil Cóip

4 Tagairtí Cros  

Ní dhéanfaidh do shearbhónta ach dul thar Iordáin anonn beagán leis an rí; cén fáth go dtabharfadh an rí a leithéid de luach saothair dom?

Dúirt an rí: “Téadh Ciomchám liom dá bhrí sin; cuirfidh mé cóir air mar is mian leat, agus aon ní a lorgóidh tú déanfaidh mé dó ar do shonsa.”

Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.

Chuir siad chun bóthair agus lig scíth ag Can Cimeam in aice le Beithil. Bhí rompu déanamh ar an Éigipt




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí