Óir thug a mhic é go tír Chanán agus rinneadar é a adhlacadh san uaimh san fhearann i Macpaelá, lastoir de Mhamrae, a cheannaigh Abrahám leis an bhfearann ó Eafrón an Hiteach le bheith aige mar ionad adhlactha.
Táim ceithre fichid bliain d'aois anois; an n‑aithneoinn só thar anó? An bhfaighimse, do shearbhónta, blas ar bhia nó ar dheoch? An dtabharfainn cluas fós do ghuth na bhfear nó na mban ag canadh? Cén fáth a mbeadh do shearbhónta ina ualach breise ar mo thiarna an rí?
Lig do do shearbhónta, le do thoil, filleadh ar ais le bás a fháil i mo chathair féin, taobh le huaigh m'athar agus mo mháthar. Ach seo é do shearbhónta Ciomchám; téadh seisean anonn le mo thiarna an rí; déan leis mar is dóigh leat is ceart.”
Ghabh an pobal go léir thar Iordáin ansin, agus ghabh an rí chomh maith; thug an rí póg do Bhairzilí agus chuir a bheannacht air, agus d'fhill seisean ar a bhaile féin.
Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.
“Ní foláir domsa anois bealach na cré go léir a ghabháil. Déanadh gach mac máthar díbh a admháil ó chroí agus ó anam, nár theip ar oiread agus gealltanas de na gealltanais go léir a thug an Tiarna bhur nDia in bhur dtaobh; comhlíonadh iad go léir, gan ceann a theip.