Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 19:33

An Bíobla Naofa 1981

Bhí aois mhór ag Bairzilí; bhí sé ceithre fichid bliain, agus is é a sholáthraigh bia don rí le linn dó a bheith i Machanáím mar gurbh fhear an-saibhir é.

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Nuair a shroich Dáiví Machanáím, thug Siobaí mac Nácháis ó Rabá na nAmónach, Mácaír mac Aimiael ó Ló Dabár, agus Bairzilí an Gileádach ó Rogailím -

Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d'fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin.

“Tar liomsa,” arsan rí le Bairzilí, “agus déanfaidh mé soláthar do [do sheanaois] in Iarúsailéim in éineacht liomsa.”

Dúirt Zíbeá leis an rí: “Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.” Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí.

agus faoiseamh ón leatrom a thabhairt daoibhse agus dúinne araon, rud a dhéanfaidh sé nuair a nochtfaidh an Tiarna Íosa ó neamh chugainn agus a aingil chumhachtacha lena chois.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí