Bhí aois mhór ag Bairzilí; bhí sé ceithre fichid bliain, agus is é a sholáthraigh bia don rí le linn dó a bheith i Machanáím mar gurbh fhear an-saibhir é.
Rinne Manachaem an t‑airgead sin a thobhach ar Iosrael, ar gach flaith, leathchéad seicil an duine, le tabhairt do rí na hAsaíre. D'imigh seisean ar ais ansin agus níor fhan sa tír.
Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil.