Agus d'iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic.
Cén fáth ar theith tú faoi choim agus calaois a dhéanamh orm agus gan é a rá liom i dtreo go seolfainn uaim thú faoi lúcháir agus faoi chantaireacht, le tiompáin agus le cruiteanna.
Bhí Dáiví tagtha chomh fada le Machanáím, ach ar ghabh Aibseálóm thar Iordáin agus fir Iosrael in éineacht leis.
Tugadh scéala chuig Ióáb: “Tá an rí ag caoineadh Aibseálóm agus ag mairgneach faoi.”
Tháinig Bairzilí an Gileádach anuas ó Rogailím agus d'fhan sé in éineacht leis an rí á thionlacan thar an Iordáin.
Agus d'fhill na saighdiúirí abhaile go fáilí an lá sin, mar a dhéanann saighdiúirí le barr náire, nuair a theitheann siad ón gcath.