Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 19:29

An Bíobla Naofa 1981

Ní raibh tuillte ó láimh mo thiarna an rí ag muintir m'athar ar fad ach an bás; ach dá ainneoin sin, chuir tú do shearbhónta i measc na muintire a shuíonn chun ithe ag do bhord féin. Cén ceart atá agamsa a thuilleadh fós a lorg ar an rí?”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Rinne sé do shearbhónta a chúlghearradh i láthair mo thiarna an rí. Ach is cuma nó aingeal Dé mo thiarna an rí. Déan dá bhrí sin mar is fearr a fheictear duit.

“Cad ab áil leat ag trácht a thuilleadh ar do ghnóthaí?” arsan rí. “Tá sé socair agam go roinnfear an talamh idir thú agus Zíbeá.”

Bhí searbhónta de theaghlach Shóil, darbh ainm Zíbeá, agus ghlaodar air chuig Dáiví: “An tú Zíbeá?” arsan rí leis. “Faoi do réir,” ar sé.

Dúirt Dáiví leis: “Ná bíodh eagla ort; taispeánfaidh mise cineáltas duit ar son d'athar Iónátán agus déanfaidh mé fearann uile d'athar, Sól, a thabhairt ar ais duit agus íosfaidh tú i gcónaí ag mo bhord.”

Ghlaoigh an rí ansin ar Zíbeá, searbhónta Shóil, agus dúirt leis: “Thug mé do mhac do mháistir gach ar bhain le Sól agus lena theaghlach go léir.

Fear clúmhillte a chomharsan os íseal, millfidh mé an té sin. Fear na mórchúise agus na mórála, ní fhéadaim cur suas leis.

“Cá fhad a thabharfaidh sibh breith go héagórach; agus lé agaibh le cúis na n‑éagráifeach? Selah

Baois agus náire is ea freagra a thabhairt gan éisteacht ar dtús.

Ach ós focail agus ainmneacha agus dlí éigin de bhur gcuid féin atá i gceist agaibh, féachaigí féin chuige. Ní mian liomsa bheith i mo bhreitheamh ar na cúrsaí sin,”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí