D'éirigh Dáiví ón urlár, nigh agus d'ungaigh é féin, agus chuir malairt éadaigh air féin. Ansin chuaigh sé isteach i dteach an Tiarna agus rinne adhradh. Ar fhilleadh chun a thí dó, d'iarr sé bia, leagadh os a chomhair é agus chaith sé é.
Ansin rinne Dáiví a bhealach suas ar Shliabh na nOlóg; bhí sé ag caoineadh ar a thriall, a cheann clúdaithe agus a chosa nocht. Agus na daoine go léir a bhí ina chuideachta, bhí a gceann clúdaithe acu agus thaistil siad suas agus iad ag caoineadh ar an mbealach.
“Agus cá bhfuil mac do mháistir?” arsan rí. D'fhreagair Zíbeá an rí: “Féach, d'fhan sé in Iarúsailéim, mar a deir sé: ‘Tabharfaidh teaghlach Iosrael ríocht m'athar ar ais dom inniu.’ ”
Dúirt Zíbeá leis an rí: “Déanfaidh do shearbhónta gach ar ordaigh mo thiarna an rí dá shearbhónta.” Bhíodh Meirí Bál dá bhrí sin ag suí chun boird le Dáiví, mar dhuine de chlann mhac an rí.
Tá Simeí mac Ghéará, an Biniáimineach ó Bhachúraím, i do theannta chomh maith. Chuir seisean mallacht mhillteach orm an lá a chuir mé chun bealaigh go Machanáím; ach tháinig sé anuas faoi mo dhéin ag an Iordáin agus mhionnaigh mé dó dar an Tiarna á rá: ‘Ní imreoidh mé an claíomh go marfach ort.’
Táthar ag dul suas go teampall Dhíobón, suas ar na hardáin chun caoineadh; ar Neabó agus i Maedabá tá Móáb ag olagón. Tá gach cloigeann bearrtha, gach féasóg lomtha;
go dtáinig ceithre scór fear ó Sheicim, ó Shileo agus ón tSamáir, a raibh a bhféasóga bearrtha, a n‑éadaí stróicthe agus a gcneas gearrtha; bhí íobairtí agus túis ina lámha á dtabhairt acu go Teampall an Tiarna.
“Nuair a dhéanann sibh troscadh, ná bígí gruama mar a bhíonn na bréagchráifigh: milleann siad sin a gceannaithe chun go mba léir do chách iad a bheith ina dtroscadh. Deirim libh go fírinneach, tá a dtuarastal faighte cheana féin acu.
Cuimhnígí ar na daoine atá i bpríosún amhail is dá mbeadh sibh féin i bpríosún leo. Cuimhnígí freisin ar na daoine atá ag fulaingt drochíde mar tá sibhse féin ar an aiste chéanna leo.