Óir is eol do do shearbhónta gur pheacaigh sé; seo anseo mé dá réir sin inniu, ar an gcéad duine de theaghlach Iósaef ar fad ag teacht anuas agus ag bualadh le mo thiarna an rí.”
Chuir Dáiví agus a chuid fear chun bealaigh mar sin. Ach lean Simeí air ar feadh an tsléibhe ar a aghaidh anonn ag mallachtaigh ar an mbealach agus ag caitheamh cloch agus cré leis.
Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis
Dúirt Aibísí mac Zarúá leis an rí: “An bhfuilimid chun ligean don mhadra marbh seo bheith ag mallachtaigh ar mo thiarna, an rí? Lig dom dul anonn agus an ceann a bhaint de.”
Ungthach an Tiarna, arbh ionann agus beatha dúinn é, gabhadh ina bpollghaiste é, an té a ndúramar faoi: “Is faoina scáthsan a mhairfimid i measc na náisiún.”