Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 19:2

An Bíobla Naofa 1981

Tugadh scéala chuig Ióáb: “Tá an rí ag caoineadh Aibseálóm agus ag mairgneach faoi.”

Féach an chaibidil Cóip

5 Tagairtí Cros  

Thug Ióáb mac Zarúá faoi deara go raibh croí an rí ag caitheamh i ndiaidh Aibseálóm arís.

Tháinig ballchrith ar an rí. Chuaigh sé suas chuig an seomra os cionn an gheata agus bhris an gol air. Ar seisean agus é ag caoineadh: “A Aibseálóm, a mhic, a mhaicín liom, a Aibseálóm, a mhic liom, faraor gan mise marbh i d'áit, a Aibseálóm, a mhaicín, a mhaicín.”

Agus d'iompaigh bua an lae sin chun dóláis do na saighdiúirí go léir, óir fuair siad amach an lá sin go raibh an rí ag caoineadh a mhic.

Bíonn an bheatha i ngile ghnúis an rí, agus is geall le scamaill bháistí an earraigh a ghnaoi.

Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí