Bhí míle fear ó Bhiniáimin in éineacht leis. Zíbeá, searbhónta theaghlach Shóil, agus a chúigear mac déag, agus fiche seirbhíseach, shroich siad an Iordáin roimh an rí,
agus rinne siad cion fir ag iompar teaghlach an rí anall thar áth, agus ag déanamh cibé rud ba mhian leis. Ag gabháil thar Iordáin don rí, chaith Simeí mac Ghéara é féin ag a chosa
Ní foláir duitse an talamh a shaothrú dó, thú féin agus do chlann mhac agus do dhaoráin; ní foláir duitse an fómhar a bhaint chun bia a sholáthar do chlann do mháistir. Ach Meirí Bál, mac do mháistir, beidh a bhéilí i gcónaí aige ag bord liom féin.” Bhí cúigear mac déag ag Zíbeá agus fiche daorán.
Tá Simeí mac Ghéará, an Biniáimineach ó Bhachúraím, i do theannta chomh maith. Chuir seisean mallacht mhillteach orm an lá a chuir mé chun bealaigh go Machanáím; ach tháinig sé anuas faoi mo dhéin ag an Iordáin agus mhionnaigh mé dó dar an Tiarna á rá: ‘Ní imreoidh mé an claíomh go marfach ort.’
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.
An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.”