Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 18:9

An Bíobla Naofa 1981

Tharla d'Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é - ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.

Féach an chaibidil Cóip

18 Tagairtí Cros  

Thug giollaí Aibseálóm an íde a d'ordaigh Aibseálóm ar Amnón. Phreab clann mhac an rí go léir ina suí ansin agus léim ar a miúileanna agus theith leo.

Nuair a bhearradh sé de a cheann gruaige - rud a dhéanadh sé ag deireadh gach bliana; bhearradh sé ansin é mar go mbíodh sé róthrom dó - mheádh sé an ghruaig, dhá chéad seicil de thomhas an rí.

Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.

Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: “Féach! chonaic mé Aibseálóm,” ar seisean, “agus é ar crochadh ó chrann darach.”

Ansin dúirt Ióáb leis: “Ní bheidh mé ag meilt ama mar seo leat,” agus rug sé ar thrí shleá ina láimh agus sháigh sé i gcroí Aibseálóm iad agus é beo fós ansiúd ar an gcrann darach.

agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.

Nach tubaiste ar an gcoirpeach? Agus mí-adh ar lucht na hurchóide?

Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.

An tsúil a fhéachann le fonóid ar a athair, agus le drochmheas ar [mháthair a bhíonn ag dul in aois], piocfaidh fiacha an mhachaire amach í, agus alpfaidh na badhbha í.

An té a theitheann ón scéin, titfidh sé isteach sa pholl; ag dreapadh aníos as an bpoll dó tógfar sa ghaiste é. Sea, sin iad [na sciúirsí] a bhuailfidh mé ar Mhóáb i mbliain a chuardaithe - an Tiarna a labhraíonn.

Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.

Óir dúirt Maois: ‘Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair’; agus: ‘An té a labhraíonn go haithiseach lena athair nó lena mháthair, bíodh ciorrú an bháis air.’

Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”

ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.

‘Go raibh mallacht ar an té a thugann tarcaisne dá athair nó dá mháthair.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’

‘Go raibh mallacht ar an té a luíonn le bean a athar, agus a bhaineann beann bhrat a athar anuas di.’ Agus freagraíodh an pobal go léir: ‘Amen.’




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí