Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 18:7

An Bíobla Naofa 1981

Bhris lucht leanúna Dháiví ar arm Iosrael, agus rinneadh ár agus eirleach an lá sin, agus thit fiche míle fear;

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Is mar sin a dhéanadh Aibseálóm leis na hIosraelaigh go léir a thagadh chuig an rí ag tagra a gcirt, agus mheall Aibseálóm croí fhir Iosrael ar an tslí sin.

Ghabh na sluaite amach go páirc an chatha ar an gcuma sin in aghaidh Iosrael agus fearadh an cath i bhForaois Eafráim.

agus leath an cath ar fud na dúiche go léir, agus shlog an fhoraois níos mó an lá sin ná mar a mharaigh an claíomh.

Tharla cath fíochmhar an lá sin féin, agus bhris lucht leanúna Dháiví ar Aibnéar agus ar shluaite Iosrael.

Ghlaoigh Aibnéar ar Ióáb ansin agus dúirt: “An bhfuil an claíomh le bheith ag slogadh leis go deo?” ar sé. “Nach bhfuil a fhios agat gur tubaisteach an chríoch a bheidh air seo? An fada go ndéarfaidh tú leis na daoine seo stad de bheith ag tóraíocht ar a mbráithre?”

ach bhí trí chéad agus trí fichid de Bhiniáimin, muintir Aibnéar, marbh ag lucht leanúna Dháiví.

Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.

Óir is tú a thugann an bua do ríthe; agus a thug tarrtháil ar Dháiví, do ghiolla.

Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós; ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.

Bíodh eagla ort féin roimh an Tiarna, a mhic ó, agus roimh an rí, agus ná déan ceannairc in aghaidh ceachtar díobh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí