Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 18:32

An Bíobla Naofa 1981

“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí den Chúiseach. D'fhreagair sé siúd: “An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne d'aimhleas lena gceannairc.”

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Ióáb leis an gCúiseach: “Imigh leat agus inis don rí a bhfaca tú.” D'umhlaigh an Cúiseach do Ióáb agus rith leis.

“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí. “Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.”

Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.

Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.

Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí