Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 18:31

An Bíobla Naofa 1981

Ansin tháinig an Cúiseach i láthair. “Dea-scéala do mo thiarna an rí!” arsa an Cúiseach. “Rinne an Tiarna thú a fhuascailt inniu ó láimh gach duine a rinne ceannairc i d'aghaidh.”

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Ansin dúirt Aichímeáz mac Zádóc: “Caithfidh mé rith agus a rá leis an rí gur fhuascail an Tiarna é ó láimh a naimhde.”

Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”

Dúirt an rí: “Téigh i leataobh agus seas ansin.” Chuaigh sé i leataobh agus d'fhan ina sheasamh.

Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.

Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí