“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí. “Nuair a sheol Ióáb uaidh do shearbhónta, chonaic mé círéib mhór, ach níl a fhios agam cad a bhí i gceist.”
Ach lean Aichímeáz mac Zádóc air: “Cibé a tharlóidh,” ar sé le Ióáb, “caithfidh mise rith i ndiaidh an Chúisigh.” “Cad ab áil leat ag rith, a mhic ó? Ní bheidh aon ní agat de bharr do scéala.”
“An bhfuil an scéal go maith ag Aibseálóm óg?” d'fhiafraigh an rí den Chúiseach. D'fhreagair sé siúd: “An bhail atá ar an ógánach sin, go raibh sé ar naimhde mo thiarna an rí, agus orthu siúd uile a rinne d'aimhleas lena gceannairc.”
Rith gan mhoill ina coinne agus cuir ceist uirthi: ‘An bhfuil tú ar fónamh? An bhfuil d'fhear céile ar fónamh? An bhfuil an leanbh ar fónamh?’ ” D'fhreagair sí: “Tá.”