Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 18:28

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig Aichímeáz i láthair an rí: “Bail ó Dhia ort!” ar sé, agus shléacht don rí agus chrom go talamh roimhe. “Moladh leis an Tiarna, do Dhia,” ar sé, “mar gur thug sé ar láimh an mhuintir a shín a lámh in aghaidh mo thiarna an rí.”

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Moladh le Dia ró-ard mar gur chuir sé do naimhde faoi do smacht.” Agus thug Abrám deachú den uile ní dó.

á rá: “Moladh leis an Tiarna, Dia do mháistir Abrahám! óir níor stad sé ach ag déanamh cineáltais agus maitheasa do mo mháistir. Sheol an Tiarna mé caol díreach go teach ghaolta mo mháistir!”

Ar an treas lá tháinig fear ón gcampa a bhí ag Sól. Bhí a chuid éadaigh stróicthe agus cré ar a cheann. Ar theacht chuig Dáiví dhó, chaith sé é féin os a chomhair agus thug ómós dó.

Tháinig an bhean ó Theacóá chun an rí, agus chaith sí í féin ar a béal ina láthair, agus thug ómós dó, agus dúirt: “Fóir orm, a rí!”

Is glan tú le lucht na glaine croí, ach cuireann tú cor in aghaidh an chaim.

Ar an gceathrú lá thionóil siad i nGleann na Beannachta mar ar bheannaíodar an Tiarna go dearfa; uime sin atá an t‑ainm Gleann na Beannachta á thabhairt ar an áit go dtí inniu féin.

Ní dúinne, a Thiarna, ní dúinne, ach do d'ainmse is dleacht an moladh as ucht do bhuanghrá agus d'fhírinne.

Moladh leis an Tiarna nár thug sinn inár gcreach dá bhfiacla.

Déanfaidh mé áthas agus gairdeas faoi do bhuanghrá óir chuir tú spéis i m'anacair agus chuidigh tú le m'anam ina chúngaigh.

“Go mbeannaítear an Tiarna,” arsa Iatró ansin, “mar gur fhuascail sé sibh ó lámha na nÉigipteach, agus ó lámha Fhorainn.

Tabharfaidh an Tiarna isteach i mo láimh thú inniu agus leagfaidh mé ar lár thú; bainfidh mé an ceann díot; agus inniu féin tabharfaidh mé coirp shluaite na bhFilistíneach d'éanlaith an aeir agus d'ainmhithe an mhachaire, chun go mbeidh a fhios ag an domhan go léir go bhfuil Dia in Iosrael,

“Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.

A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún.

Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí