“Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,” arsan fear faire. “Fear maith eisean,” arsan rí, “agus tá dea-scéala leis.”
chonaic an fear faire fear eile ag rith; agus scairt an fear faire [ar bharr] an gheata: “Seo fear eile chugainn ag rith leis féin!” D'fhreagair an rí: “Tá scéala aige sin chomh maith.”
Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.”
Agus thug an fear faire scéala arís: “Shroich sé iad, ach níl sé ag filleadh. Agus tá an tiomáint ar aon dul le tiomáint Iéahú mac Nimsí mar go dtiomáineann sé mar fhear buile.”
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”