Thógadar Aibseálóm leo agus chaitheadar síos isteach i bpoll mór san fhoraois é agus thógadar carn mór os a leacht. Agus theith Iosrael go léir, gach duine chun a bhaile féin.
Bí i do shuí, más ea, agus bí amuigh agus tabhair misneach do do shaighdiúirí; mar mura ndéanann tú, tugaim an leabhar dar an Tiarna nach bhfanfaidh fear farat anocht. Agus is measa a rachaidh sin de thubaiste duit ná gach ar tháinig sa mhullach ort ó d'óige go dtí seo.”
D'éirigh an rí ansin, agus chuaigh agus shuigh ina chathaoir ag an ngeata. Chuala na saighdiúirí go léir an scéala gan mhoill. “Tá an rí,” ar siad, “ina chathaoir ag na ngeata.” Agus chruinnigh an pobal go léir i láthair an rí. Theith Iosrael go léir, gach fear chun a bhaile féin.
Tharla go raibh ropaire ansiúd darbh ainm Seaba mac Bhicrí, Biniáimineach; shéid sé an stoc agus dúirt: “Níl cuid againn i nDáiví, Níl oidhreacht againn i mac Ieise; téadh cách chun a bhotha, a Iosrael.”
Chuaigh an bhean [ar ais isteach sa chathair agus labhair] le barr céille leis an bpobal go léir. Bhaineadar an ceann de Sheaba mac Bhicrí agus chaitheadar amach go Ióáb é. Shéid seisean an stoc ansin agus scaipeadar leo ón gcathair, gach duine chun a bhaile féin.
Ansin ghabh Iahórám anonn go Záír lena charbaid go léir. D'éirigh sé san oíche, agus bhris sé amach lena cheannairí carbad trí shluaite na nEadómach a bhí ina thimpeall, ach theith a arm abhaile.
Ansin déanadh a chomhchathróirí go léir é a chur chun báis de chlocha; déanaigí an t‑olc seo a dhíbirt ó bhur lár. Cluinfidh Iosrael uile faoi seo, agus beidh scanradh orthu.
Le dul faoi na gréine, ar ordú Iósua, thógadar anuas de na crainn iad agus chaitheadar isteach san uaimh iad mar a ndeachadar i bhfolach. Chuireadar leacacha móra ag béal na huaimhe, agus tá siad ansiúd go dtí an lá inniu féin.
Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.
Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.
Throid na Filistínigh dá réir sin, agus cloíodh Iosrael agus theith gach fear acu chuig a bhoth féin. Rinneadh ár agus eirleach orthu agus thit tríocha míle troitheach de na hIosraelaigh.