Dúirt Ióáb leis an té a thug an scéala dó: “Agus má chonaic tú é, cén fáth nár leag tú ar lár ar an toirt é? Thabharfainnse féin, le fonn, deich seicil airgid duit, agus crios chomh maith.”
“Fág go mbraithfinn meáchan míle seicil airgid ar mo ghlaic ní shínfinn mo lámh in aghaidh mhac an rí. Óir thug an rí i gcomhchlos dúinne, ordú duitse, d'Aibísí agus d'Iotaí: ‘Déanaigí anacal anama ar Aibseálóm ar mo shonsa.’