2 Samúéil 18:10An Bíobla Naofa 1981Chonaic duine éigin é seo agus thug sé an scéal do Ióáb: “Féach! chonaic mé Aibseálóm,” ar seisean, “agus é ar crochadh ó chrann darach.” Féach an chaibidil |
Tharla d'Aibseálóm gur bhuail sé le cuid de lucht leanúna Dháiví. Bhí Aibseálóm ag marcaíocht ar mhiúil agus bhí an mhiúil ag dul faoi chraobhacha tiubha crainn mhóir darach. Chuaigh ceann Aibseálóm i bhfostú sa chrann darach agus fágadh ar crochadh idir spéir agus talamh é - ach an mhiúil a raibh sé ag marcaíocht uirthi, lean sí uirthi.