Ansin dúirt Aibseálóm: “Glaoigh ar Húisí an tAircíoch chomh maith, agus tugaimis cluas dá bhfuil le rá aige.”
Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
Thaitin an chomhairle sin le hAibseálóm agus le seanóirí Iosrael go léir.
Nuair a tháinig Húisí go hAibseálóm, dúirt Aibseálóm leis: “Sin mar a deir Aichítifeil; an ndéanfaimid mar a deir sé? Mura ndéanfaimid, abair rud éigin tú féin.”
“Cén freagra a chomhairlíonn sibh dúinn a thabhairt don mhuintir seo a dúirt liom: ‘Bog dínn an chuing a leag d'athair orainn’?” ar sé leo.