Ansin thug Iacób arán agus brachán lintile do Éasau; d'ith seisean agus d'ól agus d'imigh leis. Sin a raibh de mheas ag Éasau ar a cheart sinsearachta.
Chuir uaill do chroí ar seachrán thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat, a deir i do chroí: ‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’
Ansin tháinig fuadar faoi Aibíogáil; fuair sí dhá chéad builín, dhá sheithe fíona, chuig caora feannta deasaithe, cúig thomhas de ghrán tíortha, céad crobhaing rísíní, dhá chéad císte figí, agus leag sí ar asail iad.