Ansin titfidh an lug ar an lag fiú ag lucht an chroí mar leon. Tá a fhios ag Iosrael go léir gur gaiscíoch é d'athair agus gur laochra iad an dream atá ina theannta.
Féach, anois féin tá sé imithe i bhfolach in uaimh éigin nó i mball éigin eile. Má thiteann cuid dár muintir sa chéad ionsaí, an té a chloisfidh sin déarfaidh sé go bhfuil ár déanta ar an muintir a leanann Aibseálóm.
Banáiá mac Iahóideá, laoch ó Chabzael, fear déanta mórghníomh, threascair sé dhá churadh Mhóáb. Agus lá sneachta chuaigh sé síos isteach in uaimh agus mharaigh leon ann.
Fáistine i gcoinne na hÉigipte. Seo an Tiarna ag teacht, ag marcaíocht go mear ar scamall; chun na hÉigipte atá a thriall. Tá íola na hÉigipte ar crith roimhe, tá tuirse chroí ar mhuintir na hÉigipte.
Cá bhfuil ár dtriall? Chuir ár mbráithre féin lagmhisneach orainn: “Is mó agus is airde iad na daoine ná sinne,” ar siad, “tá a gcathracha ábhalmhór le ballaí a shroicheann chun neimhe; chonaiceamar clann Anácaím ann chomh maith.’ ”
mhúch siad tinte craosacha, d'éalaigh siad slán ó bhéal an chlaímh, d'éirigh siad ó laige go láidreacht, bhí siad cróga sa chath agus chuir siad an ruaig ar shluaite eachtrannach.
D'fhreagair ógánach díobh: “Chonaic mé, féach, mac le Ieise ó Bheithil, ceoltóir cumasach, gaiscíoch agus laoch gaile, fear ciallmhar caint agus córach cló, agus tá an Tiarna leis.”
Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid” - mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.”