Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



2 Samúéil 17:1

An Bíobla Naofa 1981

Dúirt Aichítifeil le hAibseálóm: “Lig dom dhá mhíle fear a thoghadh agus rachaidh mé sa tóir ar Dháiví anocht féin.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Sna laethanta úd ba gheall le dul i muinín oracail Dé féin dul i muinín chomhairle Aichítifeil. Sin é an meas a bhí ar gach comhairle a thugadh Aichítifeil ag Dáiví agus ag Aibseálóm chomh maith céanna.

Tiocfaidh mé suas leis agus tuirse agus lagmhisneach air; cuirfidh mé scanradh air agus teithfidh an mhuintir go léir atá ina theannta. Ní dhéanfaidh mé ach an rí féin a threascairt,

Is mó a chuir tusa d'aoibhneas i mo chroí ná iad siúd de bharr flúirse aráin agus fíona.

(Óir tá siad ar cosa in airde chun an oilc, agus deifir orthu le fuil a dhoirteadh.)

Ní théann aon chodladh orthu gan olc a dhéanamh; fágtar gan codladh iad mura mbíonn duine ar lár acu;




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí