Nuair a tháinig Dáiví a fhad le Bachúraím, amach le fear den sliocht céanna ónar shíolraigh clann Shóil. Simeí mac Ghéará ab ainm dó. Agus ag teacht dó bhí sé ag mallachtaigh leis
Ansin dúirt an rí le Zíbeá: “Is leat anois cuid Mheirí Bál go léir.” Dúirt Zíbeá: “Umhlaím duit. Gura fiú mé d'fhabhar a fháil i gcónaí, a thiarna mo rí!”
agus ag caitheamh cloch le Dáiví rí agus lena chuid oifigeach go léir, cé go raibh an t‑arm ar fad agus na gaiscígh uile thart timpeall ar an rí, ar dheis agus ar chlé.
Chonaic ógánach iad ámh agus d'inis an scéal d'Aibseálóm. D'imigh an bheirt leo go tapa agus thángadar go teach fir i mBachúraím; bhí tobar aigesean ina chlós agus síos leo ann.
Chuir a fear chun bóthair ina teannta agus lean í agus na deora leis chomh fada le Bachuraím. Ansin dúirt Aibnéar leis: “Imigh leat ar ais,” agus rinne.
Ná cuir mallacht ar an rí fiú i do chroí istigh; ná mallaigh lucht an tsaibhris ach oiread fiú i do sheomra codlata; óir b'fhéidir go n‑iompródh éanlaith an aeir do bhriathra chucu agus go n‑inseodh dúil sciathánach éigin an scéal.
Beidh siad ag siúl na tíre, faoi anró agus faoi ocras agus leis an ocras tiocfaidh fearg orthu agus cuirfidh siad mallacht lena rí agus lena nDia; ag amharc in airde dóibh
Dúirt an Filistíneach le Dáiví: “An madra mise, a rá go bhfuil tú ag teacht i m'aghaidh le bataí?” Agus chuir an Filistíneach mallacht ar Dháiví dar a dhéithe féin.